M102: Lámhscríbhinn Chorcaíoch ón 18ú hAois

Dr Tomás L. Ó Murchú, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad

Is i gcnuasach an Easpaig Seán Ó Murchú (1772-1847) i Leabharlann an Ruiséalaigh atá M 102 nó Murphy 102 á choimeád. Tugtar Cnuasach Uí Mhurchú ar an mbailiúchán seo ach is dóichíde ná raibh an lámhscríbhinn atá á plé againn anseo i seilbh an Easpaig riamh. Bhí sí mar chuid de bhailiúchán príobháideach iarUachtarán an Choláiste, an Dr Labhrás Ó Reineacháin (1797-1857). Thit an bailiúchán seo go hindíreach leis an gColáiste tar éis don Uachtarán bás a fháil. Thug an tUachtarán rogha d’iontaobhaithe a uachta £100 d’airgead tirim nó a bhailiúchán LSS a dhíol leis an gColáiste ar chostas ná sáródh £200.

Scríobhadh M 102 i gContae Chorcaí idir na blianta 1750 agus 1756. Is iad Uilliog a Búrc (níl dátaí beatha againn dó) agus Mícheál mac Peadair Ó Longáin (c 1693-1770) na scríobhaithe. Dhá lámhscríbhinn dhifriúla ab ea í seo tráth; mar sin níor chás dúinn dhá chuid a dhéanamh di agus sinn ag trácht uirthi anseo.   Faightear cóip de Foras Feasa ar Éirinn Shéathrúin Céitinn i gCuid 1 (3-431). Is é Uilliog a Búrc a bhreac lgh 3-114m. Ar chríochnú an ‘Díonbhrollaigh’ dó do shínigh Uilliog a ainm ar lch 54 ar an 28 Iúil 1750 agus é ‘anunach’; tuigtear gurb é seo Eanach atá i bParóiste Bhaile an Teampaill i dtuaisceart Chorcaí. D’fhág sé 54-5 bán agus ar lch 56 thosaigh sé ar an ‘Liber Primus’, an chéad leabhar den Fhoras Feasa. Buaileann peannaireacht Mhíchíl mac Peadair Ó Longáin linn ar lch 114m síos go 433. Thosaigh Mícheál ar ‘An Dara Leabhar’ den Fhoras Feasa ar lch 270a.m. Tugann nóta ina dheireadh (431i) le fios gur chríochnaigh Mícheál an chóipeáil ar 2 Meitheamh 1756, sé bliana tar éis d’Uilliog an Díonbhrollach a chríochnú.  

So ar na Sgríobhadh lé uilliog abúrc an ~ tochtmhadh lá fithchiod don mhí July anunach a cconntaé chorcaídh san mbliaghuin daois ár ~ ttíagharna 1750 –
Sit nomen Domini Benedictum
(M 102: 54)
finis 2 of June 1756 Mícheall ó Longáin
(M 102: 431i)
(Léiríonn a leochailí is atá an páipéar ina bhfuil ‘6’ scríofa an tábhacht a bhaineann le gach uile ruainne de lámhscríbhinn a chosaint).

Ní fios cathain a thosaigh Mícheál ar an bhForas Feasa a chríochnú (thógfadh sé ar a laghad cúig seachtaine an méid a dhein sé a chóipeáil), agus ní fios canathaobh nár chríochnaigh Uilliog féin an cúram. Ach má fhéachaimid ar lámhscríbhinn eile de chuid Mhíchíl atá i Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann beidh ar ár gcumas ga beag solais a chaitheamh ar an scéal. Bhreac Mícheál RIA 24 A 15 sa bhliain 1756 chun úsáide Uilliog a Búrc i nDroichead na Bandan, Contae Chorcaí. D’fhág Mícheál nóta ar lch 58

Deire le Cath Cnuca iar na sgríobhadh le Mícheál Ó Longáin as Gleann gan Ridire fóraoir chun úsáide Uillaidh de Búrc a mbaille Dhroithid na Bandan an chéad lá dagust 1756.

Níor stad Mícheál um an dtaca sin, áfach, mar chóipeáil sé 86 leathanach breise d’abhar Fiannaíochta sular bhain RIA 24 A 15 Uilliog amach uair éigin an mí céanna.   

Chríochnaigh Uilliog a Búrc, le hábhairín cabhrach óna dheartháir Tomás,  lámhscríbhinn an Acadaimh le leagan suaithinseach neamhiomlán de Phárliament na mBan. Tugann nóta ar lch 178 le fios go raibh 832 líne den 1834 líne a breacadh sroichte aige faoi 29 Lúnasa 1756. B’in éacht cóipeála in achar gearra ama. Bhí deis aige dán ógláchais 11 rann ina gcáineann sé trom-ólachán a chur ina scríbhinn leis (Is é eagrán Uí Chuív den Phárliament, 1952, ár slat tomhais).

Dealraíonn go raibh Mícheál mac Peadair Ó Longáin ag tuilleamh a bheatha mar sheanchaí, is é sin fear scríofa lámhscríbhinní, fear déanta ginealach, agus file, nuair a d’fhostaigh Uilliog a Búrc é chun an chóipeáil seo a dhéanamh.  D’fhéadfaí a thuairimiú mar sin gur thosaigh Mícheál ar an bhForas Feasa atá in M 102 i dtosach Bhealtaine 1756. Tá a fhios againn gur lean sé air i seirbhís Uilliog go dtí an chéad nó an dara seachtain de Lúnasa 1756. Dhóigh le duine go mbeadh costas nach beag ag leanúint na seirbhíse. D’úsáid Mícheál dúch le dath an fhíona in áiteanna sa bhForas Feasa do shleachta gearra áirithe agus d’ainmneacha dílse rud a léiríonn go raibh maoiniú maith faoin obair agus go raibh gné ealaíonta bhreise i ndéanamh an tsaothair.

Do ghabh eochaidh faobhar ghluis mac conmhaoil mac éibhir fhinn
(M 102: 184)
(Sampla den dúch ar dhath an fhíona a d’úsáid Míchéal. Toisc lí an dúigh a bheith níos éadroime tá sé ag lagú in áiteanna, go háirithe leathanaigh a dtáinig an taisíocht  orthu).

Is annamh a bhíonn dathanna i lámhscríbhinní páipéir ón 18ú haois. Gabha geal nó fear deisithe stáin ab ea Uilliog. Caitheann an sórt sin ceardaí a bheith foighneach deaslámhach agus tá rian na ceirde sin le haithint go taitneamhach ar an bpeannaireacht álainn ealaíonta a chleacht sé agus é mbun breacadóireachta. Bhí, ní foláir, ag éirí go maith leis is a rá go raibh ar a chumas Mícheál a fhostú an tráth sin dá shaol.


Tabharfaimid aghaidh ar Chuid 2 de M 102, lgh 433-74. Tosaíonn sí le cóip Ulliog a Búrc de Chath Fionntrágha (433-62). Tugann nóta ar 462 le fios gur chríochnaigh Uilliog an Cath ar 16 Meán Fómhair 1750 rud a léiríonn go raibh sé go dian i mbun cóipeála an samhradh sin ón uair a chríochnaigh sé an chéad 111 duilleog den Fhoras Feasa atá i gCuid 1 dár scríbhinn. Athraíonn cló na láimhe ar lgh 449-56. Tá tuairim is 21 líne in aghaidh na duilleoige ar a mheán ó 434-448 ach ó 449-457 oiriúnaítear tuairim is 36 líne an duilleog i bpeannaireacht ghleoite ornáideach. Is dóichíde gurb í seo fós láimh Uilliog cé gur dhóigh le duine ar an gcéad fhéachaint gur dhá láimh dhifriúla iad. Tá an-dhealramh ag an mionchló le scríbhneoireacht Thomáis a Búrc, deartháir Uilliog a bhíodh ag scríobh i bpáirt leis ó am go ham agus d’fhéadfaí cás áititheach a dhéanamh gurb é Tomás a bhreac an chuid seo den scríbhinn. Níor ghéill Pádraig Ó Fiannachta agus Breandán Ó Conchúir don tuairim sin agus ní ghéillfear anseo leis.

Cad fáth mar sin an t-athrú obann cló? B’fhéidir go raibh plean cuimsitheach ag Uilliog do leagan amach iomlán na lámhscríbhinne. Is dóichíde go raibh téacsaí áirithe roghnaithe aige agus tuairim mhaith aige go díreach an líon duilleog a thógfadh sé an leabhar a líonadh. B’fhéidir go raibh brú ar Uilliog an Cath a chríochnú roimh lch 463 d’fhonn is go mbeadh spás aige na téacsaí eile a chur isteach.

Tosaíonn bunuimhriú Chuid 2 le huimhir a 81 i láimh Uilliog. Cheapfá dá bhrí sin go bhfuil 80 duilleog in easnamh ach b’fhéidir gurb amhlaidh a thosaigh Uilliog leis an uimhriú sin mar go raibh sé i gceist aige cóipleabhar eile a cheangal lena mbeadh aige. Cé go bhfuil teideal Chath Fionntrágha ar lch 433 tá tosach an Chatha thiar i ndeireadh ar lch 473 agus tá an scríbhneoireacht mhaisithe ealaíonta a chleacht sé fágtha ar leathtaoibh aige. Ní dócha go raibh teacht aige ar an ngiota seo nuair a thosaigh sé amach. Tá blogh de Eachtra Chonaill Gulban ar lch 469 a ceanglaíodh nuair a fáisceadh na duilleoga ar fad in aon leabhar amháin faoi mar atáid againn inniu. Ní fios cérbh é an scríobhaí.

(Cath Fionntrágha – Sampla den dá chló ag teacht le chéile ar leathanach 452 de M 102)

Ag leanúint as sin tá an chéad 31 rann as 88 de Mo thrúadh an chreill seo gheibhim do chéus mé a chum Uilliam Rua Mac Coitir i 1720 nó 1721 ag caoineadh Shéamais Óig Mhic Coitir ó Charraig Thuathail, Contae Chorcaí. Tá na ranna breactha in dhá cholún ó 463 go barr 465. Tá go 467m fágtha bán rud a thugann le fios go raibh sé i gceist an caoineadh a chríochnú. Ní fios cad a d’imigh ar an mbunscríbhinn a bhí ag Uilliog nó cad a bhí in ainm is a theacht i ndiaidh an chaointe. Is mór an trua é mar bhí pé foinse a bhí aige don chaoineadh difriúil leis na cinn eile atá ar marthain inniu agus é ceart cruinn ó thaobh meadarachta is friotail de tríd síos. Tá rann breise ann (ll 33-6) – ina léiríonn an file a thrua do bhaintreach Shéamais Óig – ná fuil le fáil ach i gcóip amháin eile den 24 cóip a tháinig anuas. Is í sin RIA 23 E 9 a bhreac Conchúir Óg Ua Máille i 1808. Is fiú a lua, leis, go bhfuil cóip de Chath Fionntrágha inti sin a áiríonn Sisile Ní Rathaille, eagarthóir an Chatha, bheith gaolmhar leis leagan a bhreac Uilliog anseo.

(M. 102 lgh 463 agus 465 mar thosaigh agus mar stad Uilliog ag cóipeáil Mo thruadh an chreill seo gheibhim do chéus me. Tugtar faoi ndeara an stuaic ar chuma an chorráin a chuireadh sé ar an S mar mhaisiú breise go háirithe i gcéad línte na rann).

Léiríonn na leathanaigh fholmha nár chaill Uilliog dóchas riamh go bhfillfeadh foinse an chaointe chuige. Lean sé air ag scríobh le cóip de A chuisledh na héigse, éirigh suas, amhrán seacht rann a chum Seán Ó Tuama an Ghrinn c. 1718/19 ag craobhscaoileadh aontas Rí Philib na Spáinne agus an Rí Séamas III. Bhreac Uilliog dán le Seán Clárach Mac Dónaill, Gach Gaódhal geal greanamhar do tachtadh le cóbaigh, dán bolscaireachta polaitiúil a fhógraíonn fuascailt na nGael agus seilbh na corónach don Rí Séamas III. Ceapadh an dán seo idir 1745-6 agus níl aon chóip eile ar marthain go bhfios dom.

Aon dán amháin eile a chuir Uilliog ina scríbhinn agus is é sin Seal is mé am aónar a’ ríara bróin (11 rann). Is ‘Do Anna Prior’ a cheap Seán Clárach an dán atá i  múnla an Pastourelle nó na haislinge. Pearsa mhaorga ab ea an Eana nó an Seón Príor seo a bhíodh de réir dealraimh ag taisteal na Mumhan ó bhaile go baile, ó fhile go file ag reacaireacht na filíochta mar bhíodh na cantairí i ré na scol. Ní fheadar an d’aon ghnó glan a thoghaidh Uilliog an dán agus é ag súil go dtiocfadh Séimh-Eana Príor chuige agus go n-aithriseodh sí na ranna easnamhacha de Mo thrúadh an chreill seo gheibhim do chéus mé a thosaigh sé le hoiread cáiréise uair éigin i bhfómhar na bliana 1750.

Scaraimid le focail Anna Prior:


… is bean mé tré dhaor-aistear do thriall do chomhair
                        is go gcleachtann féin éigse agus cliar na gceol.
           
                        Is fada mé ag tréantaisteal le cian san gcóig
                        ó Chaiseal cléir d’aos-Daingean thiar na seol,
                        glactar mé i saorbhailte Bhriain is Eoghain
                        gan phas gan phéin – séimh-Eana Priar, m’onóir!


Tuilleadh léitheoireachta

Ó Cuív, Brian (ed.), Párliament na mBan. (DIAS: Dublin, 1952), ll. 2390-4203.

Ó Conchúir, Breandán, Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850. (An Clóchomhar Tta: Baile Átha Cliath, 1982), s. n. Ó Longáin, Mícheál mac Peadair agus de Búrc, Uileag. 

Ó Fiannachta, Pádraig Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad. Clár Fascúl IV agus VIII. (An Sagart: Má Nuad 1967 agus 1973).

Ó Foghlughdha, Risteárd (eag.), Cois na Corsa .i. Liam Ruadh Mac Coitir agus a shaothar fileata. (Baile Átha Cliath, 1937), dán 7.

Ó hÓgáin, Éamonn (eag.), Seán Clárach Mac Dónaill. Filí 3. (Field Day Publications: Baile Átha Cliath, 2011), dánta 14 agus 15.  

Ó Macháin, Pádraig and Nic Lochlainn, Sorcha (eds), Leabhar na Longánach. The Ó Longáin family and their manuscripts. (Cork: Cló Torna, 2018).

Féach go háirithe de Brún, Pádraig ‘Mícheál mac Peadair, sinsear na scuaine’, pp. 11-50.

O’Rahilly, Cecile (ed.), Cath Finntrágha. Mediaeval and Modern Sagas Series Volume XX. (DIAS: Oxford, 1962).

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s