The Master le Pádraig Mac Piarais

Fionntán de Brún, Ollamh le Nua-Ghaeilge

EYA logo

I gcóipleabhar beag atá á choinneáil i Leabharlann an Ruiséalaigh, tá dréacht lámhscríofa den dráma The Master le Pádraig Mac Piarais. Léiríodh The Master san Irish Theatre, Sráid Hardwicke, ar an 20 Bealtaine 1915 agus ba é an dráma deireanach dá chuid a chonaic an Piarsach ar an stáitse. Ba dá dheartháir féin, Willie, a thug an t-údar an phríomhpháirt (Ciarán/ An Máistir) agus ba do dhaltaí nó d’iardhaltaí leis as Sgoil Éanna a thug sé na páirteanna eile. An bhliain dár gcionn, chuaigh údar agus beagnach gach duine d’fhoireann an dráma i ndeabhaidh lainne le himpireacht na Breataine agus ba mar gheall ar imeachtaí sin Éirí Amach na Cásca a cuireadh an dís deartháireacha chun báis, Pádraig ar an 3 Bealtaine agus Willie ar an 4 Bealtaine 1916.

P1010209
The Master le Pádraig Mac Piarais

Má cuireadh an dúspéis i saothar liteartha an Phiarsaigh i ndiaidh a bháis, níorbh aon ábhar iontais é agus an tír athraithe as éadan de bharr eachtra mhór sin na Cásca. Níor chóir, ina dhiaidh sin, gach focal dár scríobh an Piarsach a bhailiú mar fhianaise ar ghairm na réabhlóide nó ar mheon na meisiasachta. Ionann é sin agus tabhairt isteach don earráid ar a dtugtar post hoc ergo propter hoc – ‘ina dhiaidh seo a tharla, mar sin de, is dá bharr seo a tharla’. Ní líne amháin forbartha chróineolaíoch atá le haithint ar shaol agus ar shaothar Phádraig Mhic Phiarais ach línte éagsúla a théann anonn is anall crosach ar a chéile. Is amhlaidh a thugtar léiriú dúinn ar na sruthanna smaointeoireachta sin in The Master.

P1010212
The Master le Pádraig Mac Piarais

Má chuaigh an Piarsach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann in 1913, ba le Conradh na Gaeilge agus le Sgoil Éanna a chaith sé a dhúthracht sna blianta a tháinig roimhe sin.   Bráithreachas manachúil seachas míleata a chothaíonn Ciarán in The Master, é ina threoraí ceanúil spioradálta ar na stócaigh atá bailithe thart air. Ach tá saol eile agus meon eile ag bagairt orthu máguaird. Is ó Dhaire, rí na háite, a thagann an bhagairt agus is idir Ciarán agus Daire a chuirtear ceann ar an choimhlint mhór atá ag croí an dráma seo. Ach is coimhlint í atá i gcroí Chiaráin ó thús, coimhlint a théann siar go dtí laethanta a óige nuair a bhí sé féin agus Daire ar scoil le chéile. Bhí iomaíocht ghéar idir an bheirt riamh ach measadh gur le saol an chrábhaidh a rachadh Daire agus gur le saol an tsaighdiúra a rachadh Ciarán. Leid é sin gur gné de phearsa Chiaráin é Daire ó cheart agus gur samhail é den tslí a d’fhéadfadh Ciarán a leanúint nó den chonair ar chuir sé suas di de chéaduair. Tagraíonn Ciarán don choimhlint inmheánach nuair a deir sé: ‘They say the King hunts me today: but the King is not so terrible a hunter as the desires and doubts of a man’s heart. The King I can meet unafraid, but who is not afraid of himself?’

P1010211
The Master le Pádraig Mac Piarais

Feictear i ndréacht seo The Master gur athraigh an Piarsach ainm an phríomhcharachtair – Colmán, seachas Ciarán, a thug sé air de chéaduair. Cén t-údar a bhí aige leis sin a dhéanamh? Ba é Naomh Ciarán, ar ndóigh, a bhunaigh mainistir Chluain Mhic Nóis. Níorbh iontas é dá mbeadh an Piarsach ag meabhrú sa dráma seo faoin éifeacht a bhí agus a bheadh feasta le Sgoil Éanna, an scoil agus an pobal idéalach a bhunaigh sé féin in 1908. An é go raibh sé ag cur a shaol féin sa mheá sula dtabharfadh sé conair eile chinniúnach air féin? Cibé é féin, tá léargas áirithe againn in The Master ar phearsa chasta choimpléascach sin an Phiarsaigh, pearsa ar dheise dó an féincheistiú ná an freagra simplí, dála Chiaráin, an Máistir:

DAIRE: I have loved power, and victory, and life and men and women and the gracious sun. He who renounces these things to follow a phantom across a world has given his all for nothing.

CIARÁN: Is not the mere quest often worth while, even if the thing quested be never found?

 

Tuilleadh léitheoireachta

Augusteijn, Joost, Patrick Pearse – the Making of a Revolutionary (Londain: Palgrave Macmillan, 2010).

Ní Ghairbhí, Róisín agus Eugene McNulty (eag.), Patrick Pearse, Collected Plays/ Drámaí an Phiarsaigh (Baile Átha Cliath: Irish Academic Press, 2013).

McNulty, Eugene agus Róisín Ní Gháirbhí (eag.), Patrick Pearse and the Theatre: Mac Piarais agus an Téatar (Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2017).

Sisson, Elaine, Pearse’s Patriots: St Enda’s and the Cult of Boyhood (Corcaigh: Cork University Press, 2004).

Walsh, Brendan, Boy Republic: Patrick Pearse and Radical Education (Baile Átha Cliath: History Ireland Press, 2013).

 

Blog Awards 2018_Winners Silver MPU

 

 

One thought on “The Master le Pádraig Mac Piarais

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s