Comhfhreagras idir an tAthair Peadar Ó Laoghaire agus Séamus Ó Dubhghaill (Beirt Fhear)

Cáipéis an Lae: An Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuadarchives explored

Tá an comhad áirithe seo ar coimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Má Nuad. 99 litir atá ann ó pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire agus é i mbun comhfhreagrais le Séamus Ó Dubhghaill (Beirt Fhear). Clúdaíonn na litreacha tréimhse 8 mbliana déag, ó mhí Aibreáin 1899 go dtí mí an Mheithimh 1917—tréimhse an-tábhachtach i scéal na Gaeilge agus obair Chonradh na Gaeilge faoi lán seoil, An Claidheamh Soluis tagtha ar an saol agus ceisteanna teanga agus cultúir á gcur agus á bplé.

Photograph of Peadar O Laoghaire
Grianghraf de Pheadar Ó Laoghaire

Donnchadh Ó Floinn, iar-Ollamh le Gaeilge sa Choláiste, a rinne an bailiúchán a chlárú  sa bhliain 1947 agus bhronn sé ar Choláiste Phádraig é i mí na Márta 1949. Sula ndearna sé aon chuid den obair seo, dóbair gur cailleadh an bailiúchán ar fad, áfach. Murach gur tugadh faoi deireadh, trí thimpiste agus iad á ndó, gur litreacha Gaeilge a bhí iontu, bheidís ar fad scriosta. Ach, a bhuí le súil ghéar an Athar Tomás Ó Cléirigh C.M., sábháladh an tromlach agus tugadh do Dhonnchadh Ó Floinn iad. Ní amháin go ndearna Ó Floinn iad a chlárú agus a bhronnadh ar an gColáiste, ach rinne sé iad a athscríobh ar dtús, in dhá chóipleabhar faoi chlúdach crua, chun go mbeadh cóip ann dá dtarlódh aon cheo do na litreacha bunaidh.

Cad a bhí á scríobh ag an Athair Peadar sna litreacha seo? Ní nach ionadh, tá cuid mhór iontu mar gheall ar leaganacha cainte agus brí focal, mar aon le plé ar mhúnlaí áirithe gramadaí. Ceisteanna a bhí i mbéal an phobail i bhfoilseacháin na linne is mó a spreag, de réir dealraimh, ábhar an chomhfhreagrais, agus an tAthair Peadar ag tacú le, nó ag seasamh an fhóid i gcoinne, tuairimí á léiriú iontu.

Letter from Peadar O Laoghaire to Seamus O Dubhghaill 16 October 1900
Ceann de na litreacha ón gcomhfhreagas idir an tAthair Peadar Ó Laoghaire agus Séamus Ó Dubhghaill atá ar coimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad.

Chreid sé sa teanga agus i saothrú na teanga, ach ar bhealach a thaitin leis féin. Iad siúd a bhí ar aon tuairim leis, bhí sé an-mhór leo, ach sheas sé an fód go láidir ina gcoinne siúd nach raibh. Feicimid sna litreacha, dá bharr, daoine áirithe á moladh go hard na spéire aige—Séamus Ó Dubhghaill féin, Eoghan Ó Gramhnaigh agus Norma Borthwick, ina measc—agus daoine eile á gcáineadh aige—Micheál Ó hIceadha, Seosamh Laoide, Eoin Mac Néill, Eoghan Ó Neachtain, agus, an duine ba mhó a thuill a cháineadh, Pádraig Mac Piarais. Is é an meon a léirítear dúinn tríd an mbailiúchán seo an ghné is luachmhaire de.

 

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s